Fáilte chuig teenspace
Láithreán gréasáin nua is ea Teenspace a chuirfidh eolas ar fáil faoi imeachtaí, faoi ghníomhaíochtaí agus faoi sheirbhísí fóillíochta dírithe ar dhaoine óga ó 10 mbliana go dtí 18 mbliana d’aois.
Tháinig Teenspace ar dtús as Dáil na nÓg, arb í dáil óige na hÉireann í. Ba cheann de na héilimh ba mhó a tháinig ó Dháil na nÓg 2006 ná go mbunófaí láithreán gréasáin náisiúnta a mbeadh naisc áitiúla air a thabharfadh eolas do dhaoine óga faoi áiseanna agus faoi ghníomhaíochtaí do dhéagóirí ar fud na tíre. Tá Teenspace maoinithe go hiomlán ag Oifig an Aire Leanaí.



