Sóisialta
Sa chatagóir shóisialta agus chultúrtha feicfidh tú mórán gníomhaíochtaí a thugann daoine óga le chéile. Seo roinnt samplaí:
Caiféanna agus clubanna don óige
Áiteanna sábháilte agus compordacha is ea na caiféanna sna Clubanna Óige, agus is féidir leat páirt a ghlacadh i gcineálacha éagsúla caitheamh aimsire iontu. Tugann siad deis duit freisin casadh le daoine ar chomhaois leatsa i dtimpeallacht atá saor ó dhrugaí agus ón alcól. I measc na ngníomhaíochtaí atá le fáil iontu bíonn bannaí ceoil óige ag seinm, seisiúin cháirióice, dioscónna, trátha na gceist, cóisirí spóirt, cláir ealaíon, cláir mheantóireachta, seisiúin chumasaithe agus mórán eile!
Bí i do shaoránach gníomhach!
Is féidir leat a bheith i do shaoránach gníomhach ar mhórán bealaí, mar shampla trí bheith páirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla mar Chomhairle na nÓg, nó trí obair mar oibrí deonach d'fheachtas nó d’aon ghníomhaíocht a fheabhsaíonn an domhan nó do chomharsanacht.
Comhairle na nÓg
Ar mhaith leat do thuairimí a nochtadh ar ábhair a bhaineann le do chomharsanacht féin? Comhairle ar leith do dhaoine óga ó 7 mbliana go dtí 17 mbliana d’aois is ea Comhairle na nÓg, a thugann deis dóibh labhairt faoi ábhair áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta ar spéis leo iad. Déanann toscairí a thoghtar ón gComhairle ionadaíocht thar ceann a gceantair ag Dáil na nÓg, ar a bhfreastalaíonn na daoine óga ó gach Comhairle in Éirinn. Glac páirt i do Chomhairle na nÓg áitiúil agus bíodh do ghuth féin agat!
Cláir ar mhaithe le creideamh
Díríonn cláir ar mhaithe le creideamh ar do riachtanais spioradálta agus i measc na dtionscnamh a chuirtear ar aghaidh tá cúrsaí spioradálta, liotúirge don óige, cláir pharóiste, agus turais oilithreachta, chomh maith le healaíona agus drámaíocht bunaithe ar chreideamh.
Tig leat aon cheann de na catagóirí ar an taobh chlé de do scáileán a roghnú más mian leat amharc ar imeachtaí, áiseanna agus ailt a bhaineann le gnóthaí Sóisialta.



